Is trí Scéim Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 atá aontaithe agus á gcur i bhfeidhm ag an Ollscoil go dáta.  Príomhaidhm Scéimeanna Teanga na hOllscoile is ea seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar do phobal na hOllscoile i réimsí acadúla, riaracháin agus sna seirbhísí ginearálta. Tríd na scéimeanna teanga, táimid meáite ar champas dátheangach eiseamláireach a fhorbairt. Tá an Tairiscint Ghníomhach mar chnámh droma an tríú scéim. Is éard atá i gceist le coincheap na tairisceana gníomhaí i gcomhthéacs na scéime seo: go ndéanfadh an soláthraí seirbhíse poiblíocht ar an tseirbhís dhátheangach atá ar fáil trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla.  Tá siombail nua G saindeartha ag an Ollscoil, is siombail shainiúil í seo a cruthaíodh ionas go mbeadh sé an-soiléir do chainteoirí Gaeilge cá bhfuil fáil ar sheirbhísí dátheangacha ar an gcampas.

Tá gach eolas faoi na scéimeanna ar fáil ag na naisc seo thíos:

Scéim Teanga 1 (2005-2008)
Scéim Teanga 2 (2012-2015)
Scéim Teanga 3 (2018-2021)
Scéim Teanga 3 (2018-2021) - Leagan Béarla

Lógó an Scéim Teanga (G)Eolas faoin scéim teanga