-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Seirbhís Comhairleoireachta na Mac Léinn
Cláraigh Linn
Chun coinne a dhéanamh nó eolas a fháil, seol ríomhphost chuig counselling@universityofgalway.ie nó cuir glaoch ar 091 492484.
Aimsíonn roinnt mac léinn dóthain tacaíochta sna leathanaigh Áiseanna againn chun a gcuid deacrachtaí a réiteach gan chomhairleoireacht.
Is féidir clárú le Togetherall chomh maith: pobal tacaíochta meabhairshláinte ar líne atá sábháilte, saor in aisce, modhnaithe, anaithnid agus ar fáil do mhic léinn 24/7.
Sonraí Teagmhála i gcás Éigeandála
Lasmuigh dár n-uaireanta oscailte nó i gcás géaréigeandála déan teagmháil leo seo a leanas:
- Do Dhochtúir Teaghlaigh áitiúil
- Roinn Éigeandála UCHG: 091 544544
- Aonad Sláinte na Mac Léinn: 091 492604
- Na Samáraigh: 116 123 (saorghlao 24/7)
- Líne chabhrach Pieta House: 1800 247 247 (saorghlao 24/7)
- Téacslíne Ghéarchéime - Seol GALWAY chuig 50808 (téacs saor in aisce 24/7
An Obair a Dhéanaimid
Comhairleoireacht do Mhic Léinn – Seirbhís hibrideach comhairleoireachta in aisce, idir comhairleoireacht ar an láthair, duine le duine agus ar líne. Cuirimid comhairleoireacht ghrúpa agus ceardlanna ar fáil chomh maith.
Tá sé breá normálta anseo comhairleoireacht a lorg, agus léiríonn sé go bhfuil neart agus acmhainneacht agat seachas go bhfuil tú i ndeireadh na preibe. Tacaímid le tuairim is 10% de mhic léinn na hollscoile gach bliain.
Níl deacracht ar bith – beag ná mór – nach dtabharfaimid faoi.