An tOllamh Becky Whay
Is í an tOllamh Becky Whay an tUachtarán Ionaid agus Meabhránaí Eatramhach ar Ollscoil na Gaillimhe – University of Galway. Is ball d’Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile agus den Chomhairle Acadúil í agus déanann sí ionadaíocht ar an Uachtarán nuair a bhíonn sé as láthair. Ina ról, is í Becky atá freagrach as an straitéis acadúil, as arduithe céime acadúla agus as feabhas acadúil. Tá sí ina cathaoirleach ar Choiste Teagaisc agus Foghlama na hOllscoile, ar an gCoiste Arduithe Céime Acadúla, ar an gCoiste Treisithe Feabhais, i measc coistí eile san Ollscoil. Lasmuigh den Ollscoil, tá sí ina ball de Sheanad Ollscoil na hÉireann agus tá sí ar bhord na Lár-Oifige Iontrála (CAO) agus tá sí ina ball de Ghrúpa Meabhránaithe de chuid Chumann Ollscoileanna Éireann.
Is as Norfolk i Sasana ó dhúchas do Becky agus is duine de lucht leanta dílis Chlub Peile Chathair Norwich í. Tá ceangal láidir aici leis an mBreatain Bheag trí mhuintir a máthar. Tá PhD aici sa Tréidliacht ó Ollscoil Bhriostó, agus tá a taighde dírithe ar tháirgeadh inbhuanaithe agus ar leas ainmhithe oibre agus ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn sé seo le coincheapa sláinte agus le córais chothroma bhia dhomhanda.