-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Careers Connect
Logáil isteach ar Careers Connect
Logáil isteach ar Careers Connect chun eolas a fháil ar phoist, ar cheapacháin agus ar imeachtaí
Mic Léinn
Bain úsáid as Careers Connect chun:
- Ceist a chur nó coinne a dhéanamh le duine den fhoireann
- Eolas a fháil faoi dheiseanna fostaíochta agus maoinithe
- Áit a chur in áirithe ag imeacht
- Foláirimh ríomhphoist a shocrú chun scéala a fháil faoi dheiseanna fostaíochta agus/nó imeachtaí
- Tús a chur le do CV agus úsáid a bhaint as CV Pathway
- Do CV a fhéinseiceáil le CareerSet (faoi Acmhainní agus CV Pathway)
- Úsáid a bhaint as an CV tool chun do CV a uaslódáil (tar éis CareerSet a úsáid) go ndéanfaidh duine den fhoireann athbhreithniú pearsanta air
- Nascadh le roinnt gnéithe iontacha gairme faoi Acmhainní lena n-áirítear tástálacha síciméadracha, an Sharepoint iontach eolais faoi ghairmeacha agus go leor eile.
Logáil isteach ar Careers Connect le do ghnáthshonraí ollscoile
Careers Connect a úsáid mar Chéimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe
Tá an córas Careers Connect ar fáil do Chéimithe le déanaí freisin laistigh de 3 bliana ó do chuid staidéir in Ollscoil na Gaillimhe a chur i gcrích (e.g., beidh na daoine a chríochnaíonn in 2021 fós incháilithe i mblianta acadúla 2021/2, 2022/3 agus 2023/4, iad siúd a bhain céim amach roimh 2021, níl siad incháilithe a thuilleadh).
Logáil isteach nó cláraigh anseo (tá do sheanuimhir mic léinn ag teastáil le haghaidh clárúcháin)
Mar chéimí is féidir leat deiseanna fostaíochta a chuardach – cuardaigh de réir fostóirí ar leith nó de réir réimse gnó.
Is féidir leat foláirimh ríomhphoist a shocrú freisin chun scéala a thabhairt duit faoi phoist agus imeachtaí.
Níl coinní ar fáil do chéimithe incháilithe ach taobh amuigh den téarma – is féidir tuairisc a chur in Careers Connect faoi seo
Fostóirí – cén fáth ar cheart duit Careers Connect a úsáid
Déan poiblíocht ar fholúntas poist feiliúnach i measc ár bhfochéimithe agus ár n-iarchéimithe.
Bain usáid as Careers Connect chun clárú le freastal ar cheann de na haontaí earcaíochta a bhíonn againn.
Glacfaidh an próiseas clárúcháin d’Fhostóir Nua níos lú ná 5 nóiméad tríd an nasc logála isteach thuas.
D'fhéadfá teagmháil a dhéanamh le employers@universityofgalway.ie nó 091 -492133 chun d’fhógra agus do riachtanais earcaíochta a phlé.
Tabhair faoi deara:
- Caithfear spriocdháta a lua le gach folúntas – ní féidir glacadh le spriocdhátaí leanúnacha. Moltar spriocdháta laistigh de 3 mhí.
- Caithfear deiseanna gan íocaíocht a lua go soiléir.
- Ní féidir linn deiseanna a fhógairt i gcás go mbíonn costas ar mhic léinn / ar chéimithe chun iarratas a dhéanamh ar phost nó chun glacadh le post.
Gníomhaireachtaí Earcaíochta – Nuair a bheidh d’fhógra uaslódáilte agat ní mór duit ríomhphost a sheoladh chuig employers@universityofgalway.ie le hainm na cuideachta a bhfuil tú ag earcú ar a son. Ní dhéanfar an t-eolas seo a nochtadh.