-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Nuacht
Taispeántas nua ar stair institiúidí Thuama agus na hÉireann oscailte i Músaem Cathrach na Gaillimhe
Forbairt an chéad suiteáin dá leithéid in Éirinn a bhuíochas le comhoibriú idir Ollscoil na Gaillimhe agus Músaem Cathrach na Gaillimhe. Osclaíodh taispeántas nua, Iad Siúd a Tháinig Slán: Scéalta ó Stair Institiúidí Thuama agus na hÉireann i Músaem Cathrach na Gaillimhe. Is é seo an chéad suiteán músaeim atá dírithe go hiomlán ar na hinstitiúidí Máithreacha agus Naíonán agus ar an tionchar a bhí acu ar shochaí na hÉireann. Tugann an taispeántas léargas ar an gcaoi ar caitheadh le máithreacha singile agus a bpáistí in Éirinn, agus aird ar leith á tabhairt ar institiúid Máithreacha agus Naíonán Thuama agus na fadhbanna oidhreachta atá fós i gceist dóibh siúd a tháinig slán. Agus fócas ar leith sa taispeántas ar an gcion atá déanta ag Catherine Corless ar mhaithe le stair na hÉireann, insítear scéalta 18 nduine a tháinig slán ón institiúid trí thaispeántais fuaime agus amhairc. Tá sraith podchraoltaí curtha i dtoll a chéile freisin a dhéanfaidh éascaíocht don phobal eolas domhain a chur ar scéalta iad siúd a tháinig slán. Dúirt an staraí Catherine Corless: "Is tionscadal iontach agus ríthábhachtach é seo, cuimhní cinn na ndaoine siúd a tháinig slán as Áras Thuama a bhailiú, scéalta a mbeadh dearmad déanta orthu le himeacht ama murach sin. Foireann dhíograiseach in Ollscoil na Gaillimhe faoi cheannas an Dr Sarah-Anne Buckley atá taobh thiar de Thionscadal Béaloidis Thuama agus cuirfear ar taispeáint anois é i Músaem Cathrach na Gaillimhe, a bhfuil spás agus am tugtha go fial acu dóibh siúd ar fad a tháinig slán.” Cruthaíodh an taispeántas i gcomhar le Tionscadal Béaloidis Thuama de chuid Ollscoil na Gaillimhe, atá á stiúradh acu siúd a tháinig slán, faoi cheannas an Dr Sarah-Anne Buckley agus an Dr John Cunningham. Tá fianaise agus déantáin phearsanta eile á mbailiú acu ó 2018 i leith ó dhaoine a tháinig slán ó na hinstitiúidí, óna dteaghlaigh agus ó dhaoine a raibh tionchar díreach ag an stair seo orthu. Tugtar cuireadh do chuairteoirí blaiseadh a fháil, trí chuntais ó bhéal, grianghraif, cáipéisí agus giuirléidí pearsanta, den taithí a bhí acu siúd a chaith tréimhsí dá saol in institiúid agus den tionchar buan a bhí aige sin ar na glúnta a tháinig ina ndiaidh. Is é an taispeántas seo an chéad chomhoibriú idir Músaem Cathrach na Gaillimhe agus Ollscoil na Gaillimhe ó comhaontaíodh meabhrán tuisceana nua chun comhoibriú níos dlúithe idir an dá eagraíocht a éascú. Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David Burn: “Tá sé oiriúnach go mbeidh áit ag Catherine Corless agus acu siúd a tháinig slán as institiúid Máithreachais agus Naíonán Thuama anois taobh le laochra na Gaillimhe inár músaem cathrach. Tá an-áthas orainn a bheith i mbun comhpháirtíochta le Músaem Cathrach na Gaillimhe ar an tionscadal seo mar go léiríonn sé a thiomanta is atáimid ár n-oidhreacht chultúrtha a shaibhriú trí dhul i bhfeidhm ar an bpobal agus, ar an gcaoi sin, cabhrú linn go léir ceachtanna a fhoghlaim ón tréimhse dhuairc sin inár stair. “Tá Muintearas agus Meas ar phéire de chroíluachanna na hollscoile, áit a mbraithfidh gach duine go bhfuil fáilte rompu, go bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh, go bhfuil ceangal acu leis an bpobal agus go bhfuil luach orthu mar chuid dhílis dár bpobal. Meabhraítear dúinn sa taispeántas tiomnaithe seo nach raibh na luachanna sin ann san am a caitheadh agus léiríonn sé a thábhachtaí atá sé go mbeadh deis ag an bpobal foghlaim faoi scéalta na 18 nduine seo a tháinig slán.” Áireofar sa taispeántas i Músaem Cathrach na Gaillimhe portráidí grianghrafadóireachta díobh siúd a tháinig slán, fianaise phearsanta, taifid fuaime mar aon le cáipéisí cartlainne, agus réada, lena n-áirítear mionsamhail de réir scála d’institiúid Máithreacha agus Naíonán Thuama a chruthaigh Catherine Corless, agus dlaoi ghruaige ón scríbhneoir a tháinig slán, J.P. Rodgers. Dúirt Stiúrthóir Gníomhach Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe, Adam Stoneman: “Tá áthas orainn an taispeántas tábhachtach seo ar institiúid Máithreacha agus Naíonán Thuama, a forbraíodh i ndlúthchomhar le grúpa daoine a tháinig slán trí Thionscadal Béaloidis Thuama, a roinnt leis an bpobal. Tá a bhfuil le rá acu agus a n-eispéiris ríthábhachtach agus muid ag féachaint le teacht ar thuiscint ar an stair chasta seo. Tá músaem in ann a bheith ina ionad machnaimh agus cneasaithe chomh maith le hionad tuisceana, agus is céim thosaigh í an taispeántas seo i dtiomantas fadtéarmach Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe agus Ollscoil na Gaillimhe chun feasacht agus tuiscint an phobail maidir le stair institiúideach na hÉireann a chothú.” Beidh an taispeántas ar siúl i Músaem Cathrach na Gaillimhe ó mhí Iúil go mí Mheán Fómhair 2026 i bhforhalla an mhúsaeim agus tá sé mar aidhm aige cuairteoirí Éireannacha agus idirnáisiúnta a mhealladh. Tabharfaidh 29 grúpa turasóireachta ó na Stáit Aontaithe cuairt ar Ghaillimh le linn na tréimhse sin go sonrach chun an taispeántas a fheiceáil agus chun foghlaim faoi stair na hÉireann. Beidh clár cainteanna poiblí, ceardlann agus taispeántas ag gabháil leis an taispeántas. Tuilleadh eolais: GalwayCityMuseum.ie. Críoch
New exhibition on Tuam and Ireland’s institutional past opens at Galway City Museum
University of Galway researchers secure European Research Council awards
Dr Karen Guinee Library awarded EBSCO solar grant
Friday, 16 December 2022
All eligible University of Galway full time and part time hourly payscales have been updated in line with the provisions of Building Momentum - A New Public Service Agreement 2021-22. Specifically the following increases have been implemented: - With effect from 02nd February 2022, payscales received a 3% increase - With effect from 01st October 2022- payscales received a further 1% increase or €500, whichever is greater We are still awaiting sanction for the implementation of FEMPI restoration wef 1st July 2022 (save for a limited number of pay scales). Therefore there are no changes to those grades\pensions for now. See paragraph 1.3 in the above link for more details. Further advice will be issued for these grades in due course.
Monday, 24 April 2023
We have been asked to bring to your attention the fact that Secondment Expression of Interest Notices has been issued for the Public Service Transformation Division of the Department of Public Expenditure, NDP Delivery and Reform. Expressions of interest are invited from across all sectors of the Public Service, including higher education, and across a number of grades. Notices are available directly at the following link, and DPENDR and DFHERIS would very much appreciate your support in circulating to your staff. The closing date for applications is 2nd May, and we understand the notices issued on Friday 14th April.








