-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Meantóireacht Acadúil
Fáilte chuig Scéim Meantóireachta Acadúla OÉ Gaillimh
Cén cuspóir atá le meantóireacht acadúil in OÉ Gaillimh?
Is é an cuspóir atá le meantóireacht acadúil ná tacú leis an té atá i dtús a ghairme dul chun cinn a dhéanamh ina shlí bheatha, agus sárchaighdeán teagaisc agus foghlama, taighde agus ceannaireachta acadúla a chothú.
Cad is Meantóireacht ann?
Is éard is meantóireacht ann próiseas ina gcuireann meantóir ar chumas a dhalta meantóireachta cur leis na scileanna atá aige/aici agus na spriocanna gairme atá aige/aici a bhaint amach. Cuirtear tacaíocht ar fáil in OÉ Gaillimh i bhfoirm comhpháirtíochta idir comhaltaí foirne sinsearacha agus comhghleacaithe leo atá i dtús a ngairme. Tá sé mar aidhm ag an gcomhpháirtíocht seo a chur ar chumas na foirne barr a gcumais a bhaint amach.
Glactar leis an sainmhíniú seo a leanas ar an meantóireacht in OÉ Gaillimh: “off-line help by one person to another in making significant transitions in knowledge, work or thinking”
(Clutterbuck, 1990)
An Próiseas Meantóireachta
Is féidir féachaint ar cháipéis dar teideal overview of the NUI Galway Mentoring Process nó í a íoslódáil anseo.
Cáipéisí Meantóireachta
Prionsabail na Meantóireachta
Is éard is meantóireacht ann ná an próiseas ina dtugann meantóir treoir do dhalta meantóireachta maidir lena g(h)airm bheatha. Chun go n-éireoidh le caidreamh meantóireachta, caithfidh sé a bheith bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:
- Is ag an dalta meantóireachta a bhíonn úinéireacht ar an bpróiseas meantóireachta agus is eisean/ise a thiomáineann an clár meantóireachta. Is ar an dalta meantóireachta atá sé teagmháil a dhéanamh leis an meantóir ag an tús.
- Is caidreamh atá faoi rún é an caidreamh leis an meantóir. Ní féidir na nithe a phléann an meantóir agus an dalta meantóireachta a nochtadh do thríú páirtí gan cead ón dá pháirtí sin.
- Níl baint ná páirt ag an meantóireacht acadúil le Córas Forbartha Bainistíochta Feidhmíochta OÉ Gaillimh.
- Cur chuige neamhthreorach a bhíonn ag an meantóireacht.
- Tá caidreamh na meantóireachta bunaithe ar mhuinín, agus ar mheas a bheith ag an dá pháirtí ar a chéile.
- Cuireann an meantóir ar chumas an dalta meantóireachta a bheith freagrach as a c(h)uid foghlama féin agus as a g(h)airm bheatha féin a fhorbairt.
- Cuireann an meantóir spás sábháilte ar fáil don dalta meantóireachta inar féidir leis/léi fadhbanna a bhaineann leis an obair a phlé agus iarracht a dhéanamh teacht ar réitigh.
- Ní chuireann an caidreamh meantóireachta aon oibleagáid ar cheachtar páirtí seachas an aidhm forbartha a ghabhann leis.
Buntáistí na Meantóireachta
An Tairbhe a Bhaineann an Dalta Meantóireachta aisti:
- Cuidíonn sí le comhaltaí foirne nua a ionduchtú agus cuireann sí dlús lena gcuar foghlama
- Bíonn siad níos cinnte faoina spriocanna gairme agus faoin mbealach lena mbainistiú
- Deis le dúshlán a gcuid tuairimí féin agus na nithe a chreideann siad a thabhairt
- Tríd an teagmháil leis an meantóir, tá siad ag cur leis an ngréasán daoine a dtagann siad faoina n-anáil
- Cuirtear am agus spás ar fáil dóibh chun a machnamh a dhéanamh, tuiscint a fháil ar chúrsaí, níos mó eolais a chur orthu féin agus cur lena bhféinmhuinín
- Éiríonn siad níos táirgiúla agus níos éifeachtaí, rud a chuidíonn leo a spriocanna gairme a bhaint amach
- Tacaíocht maidir le caidrimh le daoine eile a bhainistiú agus a fhorbairt
- Faigheann siad léargas ar chultúr OÉ Gaillimh, an struchtúr foirmeálta agus neamhfhoirmeálta atá aici agus an bealach a n-oibríonn sí
An Tairbhe a Bhaineann an Meantóir aisti:
- Déanann sé/sí scileanna nua a fhorbairt agus rudaí nua a fhoghlaim ón gcaidreamh
- Bíonn teagmháil aige/aici le comhaltaí foirne acadúla atá i dtús a ngairme agus cuireann sé/sí eolas ar an mbealach a bhforbraíonn a ngairm
- Deis chun machnamh a dhéanamh agus chun eolas a chur ort féin go pearsanta
- An sásamh a bhaineann le cuidiú le comhghleacaithe forbairt agus dul chun cinn a dhéanamh
Ábhar Léitheoireachta Molta
Alred, G., Garvey, B. agus Smith, R. (1998) Mentoring Pocketbook Alresford: Management Pocketbooks
Clutterbuck, D. (2004) Everyone needs a mentor: fostering talent in your organisation. an 4ú heagrán. Londain: Chartered Institute of Personnel and Development (CIPD)
Kay, D. agus Hinds, R. (2009) A Practical Guide to Mentoring: How to Help Others Achieve their Goals. How to Books Ltd.