-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Do Thuismitheoirí agus Caomhnóirí
Tuismitheoirí agus Caomhnóirí na Chéad Bhliana
Comhghairdeas! Beidh do mhac nó d’iníon ag dul isteach san Ollscoil. Tá sé saothraithe go maith agaibhse, mar thuismitheoirí nó mar chaomhnóirí, á spreagadh, á gcothú agus á dtreorú, gan trácht ar an iarracht ar fad a rinne siad féin.
I gcás fhormhór na dtuismitheoirí, is minic imní orthu chomh maith le bród agus lúcháir nuair a théann mac nó iníon ar an ollscoil. Ní mar a chéile aon dá theaghlach ná aon bheirt i dteaghlach. Tá a ndúshláin, áthas, ionchais agus imní féin orthu.
Má tá aon cheist agat is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an mbeolíne do mhic léinn na chéad bhliana ar 091 493999.
Athruithe sa Chaidreamh
Nuair a théann mic léinn chuig an ollscoil den chéad uair, tagann siad in inmhe agus léiríonn siad neamhspleáchas thar oíche beagnach. Cruthaíonn siad córais tacaíochta taobh amuigh den teaghlach agus bíonn a spéiseanna féin acu agus forbraíonn siad a gcumas réiteach fadhbanna. Is minic a mbíonn an tréimhse seo lán le mothúcháin don tuismitheoir agus don mhac léinn araon. Tá súil againn gur mó áthais ná imní a bheas i gceist áfach.
Tá an t-aistriú chuig oideachas tríú leibhéal casta – bíonn sé spreagúil agus scanrúil ag an am céanna do mhic léinn agus do thuismitheoirí araon. Is athrú mór é duit féin agus do do mhac léinn. An féidir cothromaíocht a aimsiú idir a bheith páirteach mar thuismitheoir, agus neamhspleáchas a spreagadh?
Airgeadas na Mac Léinn
Eolas ar tháillí cúrsaí, roghanna maoinithe, agus an costas maireachtála i nGaillimh agus tacaíochtaí airgeadais do staidéar Ollscoile.
Le tuilleadh eolais a fháil téigh chuig http://www.universityofgalway.ie/student-life/financial-matters/
Cén tacaíocht a bheas ar fáil san Ollscoil dóibh?
Tá raon áiseanna agus tacaíochtaí ar fáil do mhic léinn fochéime.
Le tuilleadh eolais a fháil téigh chuig https://www.ollscoilnagaillimhe.ie/saol-na-hollscoile/